Daoine nach bhfuil in ann Gluaiseacht go hÉasca
Tá Aerfort Chiarraí meáite ar na háiseanna atá acu faoi láthair a chur in oiriúint do lucht a n-úsáide agus do riachtanais paisinéirí nach bhfuil in ann gluaiseacht go héasca nó riachtanais daoine a bhfuil cúnamh de dhíth orthu. Táimid meáite ar thuras chomh taitneamhach agus is féidir a thabhairt duit.
D’fhéadfadh leibhéil dhifriúla chúnaimh a bheith de dhíth ar dhaoine atá faoi mhíchumas nó ar dhaoine nach bhfuil in ann gluaiseacht go héasca agus iad ag taisteal tríd an aerfort.
Agus paisinéirí ag eitilt amach ón aerfort, tabharfar an cúnamh seo a leanas dóibh:
• Cúnamh ón gCarr, ón Tacsaí nó ón mBus chuig an gcríochfort
• Cúnamh agus iad ag clárú
• Cúnamh agus iad ag taisteal tríd an áit slándála chuig seomra na n-eililtí amach
• Cúnamh agus iad ag dul ar bord an eitleáin
Agus paisinéirí ag eitilt isteach chuig an aerfort, tabharfar an cúnamh seo a leanas dóibh:
• Cúnamh agus iad ag teacht den eitleán
• Cúnamh agus iad ag gluaiseacht chuig halla na bpaisinéirí isteach, agus nósanna imeachta imirce a chur i gcrích
• Cúnamh agus iad ag bailiú bagáiste
• Cúnamh agus iad ag gluaiseacht ó halla na bpaisinéirí isteach chuig áit speisialta teagmhála, an Deasc Seirbhísí (Áirithintí) Custaiméirí
• Cúnamh agus iad ag fáil cairr, tacsaí nó bus
Tá oiliúint curtha ar an bhfoireann seo againne maidir le cúram a dhéanamh do dhaoine nach bhfuil in ann gluaiseacht go héasca agus tabharfaidh siad pé cúnamh is gá le cinntiú go mbainfidh tú taitneamh as do thuras tríd an aerfort.
FÓGRA A THABHAIRT DON AERLÍNE
D’fhonn an tseirbhís is éifeachtaí is féidir a thabhairt do phaisinéirí a mbíonn na seirbhísí seo de dhíth orthu, ba chóir do dhaoine nach bhfuil in ann gluaiseacht go héasca dul i dteagmháil leis an aerlíne, leis an ngníomhaire taistil nó le heagraí an turais agus a chur in iúl dóibh cé na riachtanais atá acu 48 uair an chloig ar a laghad roimh fhágáil na heitilte.
Is féidir le paisinéirí teagmháil a dhéanamh le hionaid áirithinte na n-aerlínte ach glaoch ar na huimhreacha seo a leanas:
Aer Árann 0818 210 210
Ryanair 01 2497 761
PAISINÉIRÍ ATÁ AG EITILT AMACH ÓN AERFORT
DAOINE A BHFUIL CÚNAMH DE DHÍTH ORTHU GLUAISEACHT ÓN GCARRCHLÓS
Maidir le daoine a bhfuil cúnamh de dhíth orthu gluaiseacht ón gcarr chuig foirgneamh an aerfoirt, ba chóir dóibh tiomáint isteach sa Charrchlós Páircéala Gearrthréimhse agus Cnaipe an Chúnaimh a bhrú ar mheaisín na dticéad ar an mbealach isteach. Freagróidh duine den fhoireann Seirbhísí do Chustaiméirí an glaoch agus ba chóir a chur in iúl dóibh cén cineál cúnaimh atá de dhíth ort. Brúigh an cnaipe chun ticéad a fháil agus osclófar an bhacainn a luaithe agus a thógfaidh tú an ticéad sin. Cas ar chlé díreach ansin agus tiomáin 40 méadar ar aghaidh chuig foirgneamh an aerfoirt agus páirceáil san áit shainiúil Pháirceála do Dhaoine atá faoi Mhíchumas ar thaobh na láimhe deise. Beidh ball foirne ansin a thabharfaidh duit pé cúnamh a bheidh de dhíth ort. Má chuirtear moill ort, glaoigh ar 066-9764644. Nuair a thiocfaidh tú abhaile ón gceann scríbe ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhísí (Áirithintí) Custaiméirí agus déanfaidh an fhoireann amach cén táille a bheidh le híoc agat ar an ráta páirceála fadtréimhse.
DAOINE A THAGANN I DTACSAÍ AGUS A BHFUIL CÚNAMH DE DHÍTH ORTHU
Maidir le paisinéirí a thagann chun an aerfoirt i dtacsaí agus a bhfuil cúnamh de dhíth orthu gluaiseacht ón tacsaí chuig foirgneamh an aerfoirt, ba chóir dóibh a iarraidh ar an tiománaí páirceáil in áit do phaisinéirí a ligean amach atá suite sa Charrchlós Páircéala Gearrthréimhse atá díreach ar aghaidh an chríochfoirt agus a iarraidh ar an tiománaí dul chuig an Deasc Seirbhísí (Áirithintí) Custaiméirí agus a iarraidh ar an bhfoireann cúnamh a chur ar fáil. Beidh ball foirne ansin a thabharfaidh duit pé cúnamh a bheidh de dhíth ort.
DAOINE A THAGANN AR BHUS AGUS A BHFUIL CÚNAMH DE DHÍTH ORTHU
Tá stad an bhus suite díreach lasmuigh de dhoras tosaigh an chríochfoirt. Maidir le paisinéirí a thagann chun an aerfoirt ar bhus agus a bhfuil cúnamh de dhíth orthu gluaiseacht ón mbus, ba chóir dóibh a iarraidh ar thiománaí an bhus dul chuig an Deasc Seirbhísí (Áirithintí) Custaiméirí agus a iarraidh ar an bhfoireann cúnamh a chur ar fáil. Beidh ball foirne ansin a thabharfaidh duit pé cúnamh a bheidh de dhíth ort.
DAOINE A BHFUIL CÚNAMH DE DHÍTH ORTHU CLÁRÚ SAN AERFORT
Maidir le daoine a bhfuil cúnamh de dhíth orthu clárú san aerfort, ba chóir dóibh dul chuig an Deasc Seirbhísí (Áirithintí) Custaiméirí atá suite díreach ós comhair an dorais tosaigh sa chríochfort. Tabharfaidh an fhoireann pé cúnamh a bheidh de dhíth, ina measc cúnamh le clárú, cúnamh le taisteal tríd an ionad slándála agus cúnamh le dul ar bord an eitleáin.
DAOINE A BHFUIL CÚNAMH DE DHÍTH ORTHU TAR ÉIS DÓIBH CLÁRÚ SAN AERFORT
Maidir le daoine nach bhfuil cúnamh de dhíth orthu clárú san aerfort ach a mbeidh cúnamh orthu ina dhiaidh sin, ba chóir dóibh clárú ar an ngnáthbhealach agus a chur in iúl don fhoireann clárúcháin cén cineál cúnaimh a bheidh de dhíth orthu. Tabharfaidh an fhoireann pé cúnamh a bheidh de dhíth, ina measc cúnamh le taisteal tríd an ionad slándála agus cúnamh le dul ar bord an eitleáin.
SLÁNDÁIL
Ní mór do gach paisinéir taisteal tríd an ionad slándála sula dtéann siad chuig seomra na n-eililtí amach.
D’fhéadfadh go ndéanfadh ball den fhoireann slándála an paisinéir a sheiceáil nó braiteoir láimhe miotail a úsáid. Tá ionad príobháideach seiceála ar fáil más gá.
PAISINÉIRÍ ATÁ AG EITILT ISEACH CHUIG AN AERFORT
Cuirfidh an aerlíne in iúl d'údarás an aerfoirt go bhfuil cúnamh de dhíth ar phaisinéir maidir le teacht den eitleán. Nuair a bheidh an t-eilteán ina stad beidh ball foirne romhat agus cuirfear pé cúnamh a bheidh de dhíth ort ar fáil duit, ina measc:
• Cúnamh agus tú ag teacht den eitleán
• Cúnamh agus tú ag gluaiseacht chuig halla na bpaisinéirí isteach, agus nósanna imeachta imirce a chur i gcrích
• Cúnamh agus tú ag bailiú bagáiste
• Cúnamh agus tú ag gluaiseacht ó halla na bpaisinéirí isteach chuig áit speisialta teagmhála, an Deasc Seirbhísí (Áirithintí) Custaiméirí
• Cúnamh agus tú ag fáil cairr, tacsaí nó bus
Má tá baill de do theaghlach nó do chairde le bualadh leat san aerfort, is é an áit ar chóir dóibh feitheamh leat ná an Deasc Seirbhísí (Áirithintí) Custaiméirí.
CATHAOIREACHTA ROTHAÍ
Tá roinnt cathaoireacha rothaí againn agus is féidir le paisinéirí iad a úsáid san aerfort. Má tá ceann acu uait iarr ar bhall foirne ag an Deasc Seirbhísí (Áirithintí) Custaiméirí í. Ní ghearrtar aon táille as an tseirbhís seo a úsáid.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ón Deasc Seirbhísí (Áirithintí) Custaiméirí maidir le:
• Tacsaithe do chathaoireacha rothaí
• Cuideachtaí deisithe/cothabhála cathaoireacha rothaí
• Cathaoireacha rothaí a fháil ar cíos (Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann)
GEARÁIN
Má bhíonn tú míshásta leis an gcúnamh a fhaigheann tú, ba chóir gearán a dhéanamh ar an gcéad dul síos le Bainisteoir an Aerfoirt, Aerfort Chiarraí, An Fearann Fuar, Co. Chiarraí nó mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fhaigheann tú, féadfaidh tú scríobh chuig
An Coimisiún um Rialáil Eitlíochta,
Teach Alexandra, Ardán Earlsfort, Baile Átha Cliath 2.
Má bhíonn aon cheisteanna agat roimh thaisteal duit, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an deasc um sheirbhísí do chustaiméirí ar +353-(0)66 9764644 nó ar ríomhphost: info@kerryairport.ie
This information is also available in English and in German.
Please click highlighted links.
•Personen mit eingeschränkter Mobilität
•Persons with Reduced Mobility
